Stair ​Sráid Doiminic

 

Tógadh Sráid Doiminic ag tús an 19ú aois.  Tógadh taobh amuigh de bhallaí an bhaile an t-am sin, rud a léiríonn fás na cathrach ó shin.  Is cosúil gur le beirt bhan an teach ina bhfuil Áras na nGael anois, agus roinnt tithe eile ar an tsráid sin, chomh fada siar leis an ochtú gcéad déag.  Sa bhliain 1794, bhí sé theach ag an mbeirt bhan, Rebecca Coghlan agus Letitia Burke.  Aistríodh a léas ar uimhreach 11, 12,13, 21, 22 agus 23 Sráid Doiminic go dtí an tUasal Roger O’Conner sa bhliain sin agus, de réir dealraimh, bhí na léasanna aige sin ar feadh achair triúr beatha agus seachtó bliain.  Ina dhiaidh sin ba ag baintreach darbh ainm Harriet Mar Jotcham, as Wantage i gcotae Berkshire i Sasana, a bhí gníomhais na dtithe sin uilig.  Dhíol sise na gníomhais le dlíodóir i gcathair na Gaillimhe, J.S. Conroy, ar mhíle trí chéad punt san iomlán.  Cé nach mbaineann na tithe eile linn, is cosúil go raibh tionontaí difriúla sna tithe go dtí gur cheannaigh Bardas na Gaillimhe uimhreacha 21 agus 22 ón dlíodóir Conroy sa bhliain 1927.  Cé nárbh ionann a dtionóntaí idir na blianta is cosúil gur ath-tógadh an trí theach, uimhreacha 21, 22 agus 23, thart ar an mbliain 1840, agus gur tógadh mar aonad ag an am sin iad.  De réir leabhair a chuir an Foras Forbartha amach faoin teideal Galway: Architectural Heritage, National Heritage Inventory le William Garner, go bhfuil trí urlár ag gach teach, go bhfuil trí bhá ag an teach lárnach agus péire ag an dhá teach eile.  Tá áirse idir uimhreacha 21 agus 22.  Tá aigheanna na dtithe déanta d’aolchloch agus taobh istigh díobh tá pláistéireacht shimplí an ama fós le feiceáil.

Tar éis don Bhardas uimhreacha 21 agus 22 a chéannacht, tugadh don choiste gairmoideachas iad, agus úsáideadh mar ghairmscoil iad go dtí gur tógadh scoil nua dó.​

Fuair an comhlucht iad i mí na Nollag 1938, ón gcoiste gairmoideachais.  (Ba i Sráid Doiminic a mhúin Pádraic Ó Conaire) Ní raibh ach teach amháin ag teastáil ón gcomhlucht, áfach.  Mar sin díoladh ar ais uimhir 22 (Ionad Ealaín na Gaillimhe, mar atá anois) leis an mBardas ag deireadh na bliana 1939 agus fuarathas míle punt uaidh sin.  Ar a dhíol, bheartaigh na stiúrthóirí go mbeadh alt sa díolachán a thabharfadh rogha don chluch an teach sin, uimhir 22, Sráid Doiminic – sé sin, sean teach Arabella Waithman, deirfiúir le Lady Greogory – a athcheannacht aon uair a mbeadh sé á dhíol arís ag an mBardas, rud nach nearnadh go dtí seo.  Roinnt blianta ina dhiaidh sin, athraíodh uimhreacha na dtithe ar Sráid Doiminic.  Mar sin rinneadh uimhir 43 den Áras agus 45 den teach béal dorais.

 

 

Stair Áras na nGael

 Lady Gregory- Available at: <https://www.seanomainnin.com/p440115648/hC09FD62D> [Accessed 1 April 2021].

 I 1935, tionóladh comhdháil i gColáiste Iognáid i nGaillimh faoi choimirce Chraobh na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge. Ar an gcéad lá de mhí Feabhra 1935, cuireadh tús ceart le obair na chomhluchta. Ba é cuspóir na comhdhála seo a fháil amach an bhfeadfaí an dá theach a raibh obair cheard-sgoil na Gaillimhe ar siúl iontu a chur ar fáil mar árus agus mar cheannáit d’obair na Gaeilge. Beartaíodh ceann de na tithe a bhí ag an gcoiste gairmoideachais i Sráid Doiminic a chéannacht. Faoi deireadh 1938, ceannaíodh an dá theach ón gcoiste céadna, agus tá Áras na nGael’ ann ó shin i leith. Tionóladh an chéad chruinniú reachtúil i gColáiste Iognáid Dé hAoine, 4 Feabhra 1938, in ár toghadh an chéad naonúr stiúir (Féach ar 1938-1944) Bhí an-tábhacht ag baint le ceist an árais. Ceapadh ar bhunú an chomluchta go raibh staid na Gaeilge agus go háirithe staid gluaiseachtaí na Gaeilge i nGaillimh, ag dul i ndonnacht, toisc nach raibh aon cheannáras seasmhach ag freastal orthu sa chathair. Deimhníodh nach gcuirfí aon teorainn ar na dreamanna a d’úsáidfeadh an t-áras ach amháin go ndéanfaidís a gcuid gnóthaí trí Ghaeilge. Socraíodh, freisin, go mbeadh áit faoi leith san áras seo do na daoine óga de bharr go raibh siad mar chuid do gluaiseacht an Ghaeilge. Dúradh go mbeadh sé ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge i gcóir siamsaíocht agus damhsanna Gaelacha, amharclainn do dhrámaí i nGaeilge, do dhíospóirí i nGaeilge chomh maith le neart, neart imeachtaí eile.

 

Achoimre

  • I 1935, tionóladh comhdháil i gColáiste Iognáid i nGaillimh faoi choimirce Chraobh na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge.
  • Faoi deireadh 1938, Beartaíodh ceann de na tithe a bhí ag an gcoiste gairmoideachais i Sráid Doiminic a chéannacht agus tá Áras na nGael ann ó shin i leith.
  • Tionóladh an chéad chruinniú reachtúil i gColáiste Iognáid Dé hAoine, 4 Feabhra 1938, in ár toghadh an chéad naonúr stiúir. 
  •  Ceapadh ar bhunú an chomluchta go raibh staid na Gaeilge  ag dul i ndonnacht, toisc nach raibh aon cheannáras seasmhach ag freastal orthu sa chathair.
  • Dúradh go mbeadh an Áras ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge i gcóir gnóthanaí, imeachtaí agus siamsaíocht trí Ghaeilge.

 

 

Fás an Chomhluchta sna Tríochaidí agus sna Daichidí

 

 

Available at: <https://www.seanomainnin.com/p440115648/hC09FD62D> [Accessed 1 April 2021].

 

​An teach faighte acu, thosaigh stiúrthóirí an chomhluchta ar a bhfíor ghnó.  An chéad dá rud a chuireadar rompu ná alt a trí den Mheabhrachán a chomhlíonadh.  Mar atá ráite, ceapadh Buadhach Toibín go luath sa bhliain 1939 don phost timireachta agus rúnaíochta. Tosaíodh, freisin, ar an gCumann Gaelach a bhunú, faoi mar a bhí luaite sa Mheabhrachán.  Ba ag an gcoiste Riaracháin agus Timireachta a bhí an t-údarás chun é seo a dhéanamh.

 I mí Meán Fómhair na bliana 1939 a bhí céad chruinniú an Chumainn Gaeligh, ag ar toghadh coiste sealadh a mhair go dtí na Samhna.

​Shocraigh an coiste go dtógfadh an Cumann Gaelach seomraí san Áras ach go dtosnófaí le seomra amháin. Socraíodh go dtosnódh imeachtaí an Chumainn le Scoraíocht, a cuireadh ar siúl ag deireadh na bliana 1939.  Tá an chosúlacht ann, áfach, nár éirigh go ró-mhaith leis an Scoraíocht chéadna. Ansin, dhírigh an Cumann a aire ar léachtaí a chur ar siúl, ach theip orthu sin freisin.  Rinneadh an-phlé tar éis sin ar iarsmalann a bhunadh nó ar thaispeántas pictiúr agus ar cheadal a eagrú, ach níor deineadh mórán ina dtaobh sin. 

​Bhí a mhalairt de scéal i gceist ó thaobh na n-imeachtaí a d’eagraigh Craobh na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge. Bhí ag éirí chomh maith sin leis na céilithe céadna go mbíodh an iomarca daoine ag iarraidh dul isteach chucu. Bíodh siad ar siúl san Astaire a tógadh in 1946 a bhí san Áras féin.  Ba iad na spot-duaiseanna a bhíodh acu ná caoga toitín don fhear agus bosca mileáin don chailín. Is cosúil go mbíodh cuid mhaith Gaeilge á labhairt acu siúd a bhí i láthair.  

D’eagraigh an Chraobh ranganna Gaeilge san Áras, chomh maith, agus d’fhreastal an-chuid daoine orthu. Bhí an-úsáid á bhaint as an Áras ag an gcraobh Ghaillimheach den Chonradh is léir go raibh baill na Craoibhe ar an lucht b’fhinniúla de ghluaiseachtaí na Gaeilge sa chathair ag an am seo. 

​Is cosúil go raibh méadú mór ag teacht ar an úsáid a bhí dhá baint as an Áras ag tús na bliana 1941, mar diúltaíodh don ITGWU seomraí a fháil ann toisc nach raibh seomra saor ann.  Sa bhliain 1943, bhí grúpa nua ann, Cumann Ó Gaeil na Gaillimhe. Ag an am sin bhí Conradh na Gaeilge, an Réal, Feis Ceoil an Iarthair, Coiste Drámaíochta na Scol, Oireachas Connachta, Gasra an Fháinne, Guth na nÓg agus Ar Aghaidh curtha fútha ann. 

​Sa tréimhse seo, rinne stiúrthóirí an chomhluchta tréan iarracht chun aitheantas a fháil don Áras agus d’áit na Gaeilge sa chathair. Chun cuidiú leis seo, rinneadar socrú go mbeadh coiste ón gcomhlucht réidh chun Meabhrachán an chomhluchta a bhronnadh ar an Taoiseach le linn dó bheith ar cuairt sa chathair ag deireadh Meán Fómhair na bliana 1944. 

Achoimre

  • ​An teach faighte acu, thosaigh stiúrthóirí an chomhluchta ar a bhfíor ghnó. 
  • An chéad dá rud a chuireadar rompu ná alt a trí den Mheabhrachán a chomhlíonadh. 
  • Ceapadh Buadhach Toibín go luath sa bhliain 1939 don phost timireachta agus rúnaíochta.
  • Tosaíodh, freisin, ar an gCumann Gaelach a bhunú, faoi mar a bhí luaite sa Mheabhrachán agus bhí céad chruinniú an Chumainn Gaeligh i mí Meán Fomhair i 1939.
  • ​Shocraigh an coiste go dtógfadh an Cumann Gaelach seomraí san Áras ach go dtosnófaí le seomra amháin.
  • Socraíodh go dtosnódh imeachtaí an Chumainn le Scoraíocht, a cuireadh ar siúl ag deireadh na bliana 1939 ach ní eireoidh ró-mhaith leis.
  • Dhírigh an Cumann a aire ar léachtaí a chur ar siúl, ach theip orthu sin freisin.
  • ​Bhí a mhalairt de scéal i gceist ó thaobh na n-imeachtaí a d’eagraigh Craobh na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge- Bhí ag éirí chomh maith sin leis na céilithe céadna go mbíodh an iomarca daoine ag iarraidh dul isteach chucu.
  •  D’eagraigh an Chraobh ranganna Gaeilge san Áras, agus d’fhreastal an-chuid daoine orthu.
  • Is cosúil go raibh méadú mór ag teacht ar an úsáid a bhí mhaith dhá baint as an Áras ag tús na bliana 1941, mar diúltaíodh don ITGWU seomraí a fháil ann toisc nach raibh seomra saor ann.
  • Sa bhliain 1943, bhí grúpa nua ann, Cumann Ó Gaeil na Gaillimhe chomh maith le neart grupaí eile a bhí á bhaint úsáid as an Áras.
  • Rinne stiúrthóirí an chomhluchta tréan iarracht chun aitheantas a fháil don Áras agus d’áit na Gaeilge sa chathair agus bhí coiste ón gcomhlucht réidh chun Meabhrachán an chomhluchta a bhronnadh ar an Taoiseach le linn dó bheith ar cuairt sa chathair i mbliain 1944. 

 

 

​Dul Ar Aghaidh an Chomhluchta sna Caogaidí

 

​Chomh maith lena gcuid iarrachtaí chun staid na scaireanna a leasú, bhí roinnt fadhbanna ag na stiúrthóirí maidir leis na táillí a bhí a n-íoc ag an cumainn úd a bhí ag úsáid an Árais. Ba léir dóibh nárbh leor an t-airgead a bhí ag teacht isteach ó na gluaiseachtaí éagsúla, agus ceapadh go bhfeabhsódh cúrsaí dá n-ardófaí na táillí.  Go luath sa bhliain 1952 legadh síos táillí nua. Socraíodh go díocfadh Conradh na Gaeilge céad punt sa bhliain; an Réalt, deich scilling in aghaidh na seachtaine; an múinteoir damhsa, seacht scilling sé phingin do ghach Satharn, agus bheadh Comhdháil Drámaíochta an iarthair ag íoc an méid céadna. Mhícheál Uí Chonchubhair agus an choiste chontae den Chonradh mar a bhíodar, ar feadh tamaill.  Bhí na stiúrthóirí chun táillí Gasra an Fháinne a árdú, freisin, cé nár socraíodh an méid ag an am sin.  Is cosúil nach raibh Club na nÓg ag íoc táillí go dtí seo, mar bhí sé i gceist ag na stiúrthóirí anois ceist a chur ar phríomh-oifigeach Cheard Scoil na cathrach faoi chuidiú an Chlub d’fháil maidir le teacht isteach an Árais.  Beartaíodh, chomh maith, go n-árdófaí ar an gcoiste sin drámaí a chur ar siúl ar mhaithe leis an Áras.  Feictear uaidh seo uilig go raibh suas le deich ngrúpa ag úsáid an Árais ag tús na gcaogaidí, ach b’annamh a d’úsáid cuid acu é.  Ní raibh an coiste contae den Chonradh ann ach ceithre nó cúig uair sa bhliain, agus tá an chosúlacht ann nach raibh ag éirí go ró-mhaithe le cuid díobh san a bhí san Áras níos mó ná uair sa tseachtain. 

​Cuireadh stop sealadach le hobair an chomhluchta sa bhliain 1957. I mí Mhárta na bliana sin rinne gála damáiste do dhíon an Árais agus ina dhiaidh sin thosaigh na stiúrthóirí ag plé an Árais a dhíol nó a chur ar cíos ach níor deineadh sin.  

Ní hionann sin le rá nach raibh an Áras in úsáid idir na blianta 1957-1967 . De réir meastúchán na bliana 1969, bhí airgead ag teacht isteach ó chúig ghrúpa (gan cíos an Bhárdais a thógáil san áireamh), rud a léiríonn go raibh cuid de na dreamanna a bhíodh á úsáid sna caogaidí imithe as.  Ní raibh an Réalt, Gasra an Fháinne ná Club na nÓg á úsáid a thuilleadh, rud a fhágann nach raibh ach Conradh na Gaeilge, idir chontae agus chathair agus an Feis Ceoil ag iarraidh beocht a chur i ngluaiseacht na Gaeilge ón Áras faoin am seo.




Achoimre

  • Bhí roinnt fadhbanna ag na stiúrthóirí maidir leis na táillí a bhí a n-íoc ag an cumainn úd a bhí ag úsáid an Árais.
  • Ba léir dóibh nárbh leor an t-airgead a bhí ag teacht isteach ó na gluaiseachtaí éagsúla, agus ceapadh go bhfeabhsódh cúrsaí dá n-ardófaí na táillí agus legadh síos táillí nua.
  •  Socraíodh go díocfadh…
  1. Conradh na Gaeilge- céad punt sa bhliain.
  2. An Réalt- deich scilling in aghaidh na seachtaine.
  3. An múinteoir damhsa- seacht scilling sé phingin do ghach Satharn.
  4. Comhdháil Drámaíochta an iarthair- ag íoc seacht scilling sé phingin.
  5. Fáfadh táillí Fheis Cheoil an Iarthair ar feadh tamaill.
  • Bhí na stiúrthóirí chun táillí Gasra an Fháinne a árdú, freisin, cé nár socraíodh an méid ag an am sin.
  • Ní raibh Club na nÓg ag íoc táillí go dtí seo agus bhí sé i gceist ag na stiúrthóirí anois ceist a chur ar phríomh-oifigeach Cheard Scoil na cathrach faoi chuidiú an Chlub d’fháil maidir le teacht isteach an Árais. 
  • Bhí suas le deich ngrúpa ag úsáid an Árais ag tús na gcaogaidí, ach b’annamh a d’úsáid cuid acu é.
  • ​Cuireadh stop sealadach le hobair an chomhluchta sa bhliain 1957.
  • I mí Mhárta na bliana sin rinne gála damáiste do dhíon an Árais agus ina dhiaidh sin thosaigh na stiúrthóirí ag plé an Árais a dhíol nó a chur ar cíos ach níor deineadh sin.  
  • De réir meastúchán na bliana 1969, bhí airgead ag teacht isteach ó chúig ghrúpa (gan cíos an Bhárdais a thógáil san áireamh), rud a léiríonn go raibh cuid de na dreamanna a bhíodh á úsáid sna caogaidí imithe as.
  • Ní raibh an Réalt, Gasra an Fháinne ná Club na nÓg á úsáid a thuilleadh, rud a fhágann nach raibh ach Chonradh na Gaeilge agus an Feis Ceoil ag iarraidh beocht a chur i ngluaiseacht na Gaeilge ón Áras faoin am seo.

 

 

​Meath an Chomhlachta sna Seascaidí

 

​Ag cruinniú na sciarshealbhóirí sa bhliain 1967, toghadh coiste stiúrthóirí sealadach a raibh cúigear ina mbaill de (féach ag 60idí).  Faoin am seo bhí an Áras fós in úsáid, ach ní raibh cuid de na cumainn ag íoc a gcuid cíosanna.  Bhí costais rátaí, árachais agus leictreachais an-ard san Áras; mar sin nuair a d’fhág an coiste gairmoideachais na seomraí a bhí ar cíos acu ann, bhí ar na sciarshealbhóirí smaoineamh ar an Áras a dhíol, nó tréan iarracht a dhéanamh fuinneamh nua a chur ann. Cé go raibh cúrsaí go dona sna seascaidí, níor deineadh aon iarracht dáiríre chun an comhlacht a aththógáil go dtí tús na seachtóidí nuair a bhí spéis ag dreamanna éagsúla i gcéannacht an Árais. 




Athbhunadh an Chomhlachta sna Seachtóidí

 

I mí Aibreáin 1972 scríobh Ambrose Roche (ceantálaí leis an mBárdas) chuig stiúrthóirí an chomhlachta féachaint an mbeadh siad sásta an tÁras a dhíol nó é a ligint ar cíos mar oifigí leis an mBárdas. Scríobh Seasamh Ó hÓgartaigh, Liam Ó Donnchadha agus Seán Ó Carra chuig an Athar Mac Finn ag deireadh na bliana 1972 ag moladh go dtabharfaí stiúrthóirí agus úinéaraí na scaireanna le chéile chun socrú éigin a dhéanamh faoin Áras.  Tionóladh an cruinniú seo i mí Aibreáin na bliana 1973.  Nuair a toghadh coiste nua, méadaíodh líon na stiúrthóirí ó naonúr  dáiréag agus beartaíodh gan an tÁras a dhíol nó a ligint ar cíos d’aon dream, in ainneoin an droch chaoi ina raibh sé.  Mar gheall ar staid an Árais, níor úsáideadh arís le haghaidh aon chruinnithe é go dtí mí Aibreáin na bliana 1977.  Idir 1972 agus 1977, bhain na scairshealbhóirí agus na stiurthóirí úsáid as an Warwick, asn an Dúrlas (a bhíodh ar Sráid a’Mhuillin, agus atá leagtha ó tógadh staisiún nua na Gárdaí) agus baineadh úsáid as an Atlanta ar Sráid Doiminic le haghaidh cruinnithe. 

​Sa bhliain 1974 tosaíodh ar an obair chun an tÁras a dheisiú. Ba é Conradh na Gaeilge an chéad ghrúpa ar iarraidh orthu deontas a thabhairt don Chomhlucht.   Bhí an Conradh sásta ceithre mhíle a thabhairt agus seacht gcéad caoga ar threallaimh an Dúrlais a chéannacht. Ach, bhí breis agus míle punt fós de dhíth ar an gcomhlucht chun an obair a chríochnú.  Tar éis dóibh iarracht a dhéanamh  deontas  a fháil ón mBord na Gaeilge agus Aire na Gaeltachta ní raibh aon mhaith déanta. 

  Taobh amuigh d’iasachtaí agus de dheontais, áfach, ní raibh mórán slite fátha ag na stiúrhtóirí chun airgead a sholáthar.  Rinneadh iarracht eile i mí Márta na bliana 1974, nuair a cuireadh oíche caidrimh ar siúil sa Warwick le h-airgead a dhéanamh chun cuidiú le hobair an Árais.  

 

Cé go raibh ganntanas airgid ar an gcomhlucht, níor chuir sé sin cosc ar an méid pleananna a bhí ag a chuid stiúrthóirí agus scairshealbhóiri don Áras. Sa bhliain 1973, bhí sé ar intinn acu an dín, na n-urlár, na bhfuinneog agus eile a dheisiú. Bhí sé ar intinn acu chomh maith, an halla a leathnú, leithris a thógáil agus seomraí ar an dara urlár a réiteach mar oifigigh comhluchta agus mar shiopa leabhar.  Smaoiníodh ar dhíon an cheathrú urláir a ardú sa chaoi is go mbeadh tuilleadh oifigí thuas ansin.  Rinneadh plé i mí Iúil  céadna ar bheár a thógáil agus ar sheomraí a chur ar fáil le haghaidh naíscoile, ach fágadh iad sin ar leathaobh ar feadh tamaill. 

 

Cuireadh tús leis an deisiú ag deireadh na bliana 1974. ag an am sin bhí airgead ag teacht isteach ó Bhárdas na Gaillimhe a bhí in úsáid an chlóis ag cúl an fhoirgnimh.  Tairgeadh seomraí don Chumann Lúthchleas Gaeil sa bhliain 1976 agus tosaíodh ar chíosanna a shocrú don chuid eile den Áras faoi deireadh na bliana sin.  Beartaíodh go mbeadh deich bpunt an oíche mar chíos ar an halla mór, agus go mbeadh sé úsáideach le haghaidh imeachtaí ar nós céilithe. I gcás na seomraí eile bheadh cíos deich bpunt an uair móide punt amháin do theas orthu. Ach, ar ndóigh, bhí a lán le déanamh fós sula mbeadh an tÁras réidh d’imeachtaí nó fiú do chruinnithe na stirúthóirí féin.  Cé go bhfuair an comhlucht míle punt sa bhreis ó Chonradh na Gaeilge, bhí tuilleadh de dhíth air.  Mar sin, nuair a bhí an tÁrais réidh le húsáid i mí Aibreáin na bliana 1977, bhí na stiúrthóirí fós ag scrúdú bealaí chun níos mó airgid a fháil le cinntiú go mbeadh todhchaí ag an Áras mar áit faoi leith don Ghaeilge sa chathair.  Ar iasacht seacht míle cúig chéad punt ó Bord na Gaeilge bhí na stiúrthóírí sásta go mbeadh ceart crosta ag an mbord an Áras a díol nó a úsáid.

 

Nuair a bhí leas nua ar chlós an Árais socraithe idir an comhlucht agus an Bárdas, cuireadh tús le deisiú an triú agus an cheathrú urlár.  Cé go raibh na deisiúcháin agus na feabhsúcháin faoi lán tseoil, is cosúil nach raibh mórán úsáid á baint as an Áras.  Bhí an naíscoil oscailte agus bhí oifigí ag an gCumann Lúthchleas Gaeil ann, bhí na Teaghlaigh Gaelacha á úsáid agus, ar ndóigh, Conradh na Gaeilge ach b’shin an méid.  Mar sin, bhí dhá fhadhb mhór ag baill an chomhluchta ag deireadh na seachtóidí.  Bhí tús maith curtha le deisiú an Árais, ach ba léir dóibh go mbeadh i bhfad níos mó airgid ag teastáil chun é a chur i gcrích.  Ba mhór fós an t-ábhar imní do na stiúrhtóirí an mhoill a bhí ar chumainn éagsúla teacht le chéile chun úsáid iomlán a bhaint as Áras na nGael.




 Available at: <https://www.seanomainnin.com/p440115648/hC09FD62D> [Accessed 1 April 2021].

Achoimre

  • I mí Aibreáin 1972 scríobh Ambrose Roche (ceantálaí leis an mBárdas) chuig stiúrthóirí an chomhlachta féachaint an mbeadh siad sásta an tÁras a dhíol nó é a ligint ar cíos mar oifigí leis an mBárdas.
  • Tionóladh an cruinniú  i mí Aibreáin na bliana 1973 chun socrúcháin éigin a dhéanamh faoin Áras.
  • Beartaíodh gan an tÁras a dhíol nó a ligint ar cíos d’aon dream, in ainneoin an droch chaoi ina raibh sé. 
  • ​Sa bhliain 1974 tosaíodh ar an obair chun an tÁras a dheisiú.
  • Theastaigh deontais don Áras a dheisiú agus ba é Conradh na Gaeilge an chéad ghrúpa ar iarraidh orthu deontas a thabhairt don Chomhlucht.
  • Bhí an Conradh sásta ceithre mhíle a thabhairt agus seacht gcéad caoga ar threallaimh an Dúrlais a chéannacht ach bhí breis agus míle punt fós de dhíth ar an gcomhlucht chun an obair a chríochnú.
  • Tar éis dóibh iarracht a dhéanamh  deontas  a fháil ón mBord na Gaeilge agus Aire na Gaeltachta ní raibh aon mhaith déanta. 
  • Cé go raibh ganntanas airgid ar an gcomhlucht, níor chuir sé sin cosc ar an méid pleananna a bhí ag a chuid stiúrthóirí agus scairshealbhóiri don Áras. 
  • Sa bhliain 1973, bhí sé ar intinn acu.. 
  1. An dín, na n-urlár agus eile a dheisiú.
  2. An halla a leathnú agus leithris a thógáil.
  3. Seomraí ar an dara úrlar a réiteach mar oifigigh comhluchta agus mar shiopa leabhar.
  4. Ar dhíon an cheathrú urláir a ardú a chaoi is go mbeadh tuilleadh oifigigí thuas ansin.
  5.  Rinneadh plé i mí Iúil  céadna ar bheár a thógáil agus ar sheomraí a chur ar fáil le haghaidh naíscoile.
  • Cuireadh tús leis an deisiú ag deireadh na bliana 1974. ag an am sin bhí airgead ag teacht isteach ó Bhárdas na Gaillimhe a bhí in úsáid an chlóis ag cúl an fhoirgnimh.  
  • Tairgeadh seomraí don Chumann Lúthchleas Gaeil sa bhliain 1976 agus tosaíodh ar chíosanna a shocrú don chuid eile den Áras faoi deireadh na bliana sin.
  • Beartaíodh go mbeadh cíos ar na seomraí agus an halla mór a bheadh úsáideach le haghaidh imeachtaí ar nós céilithe. 
  • Ach, ar ndóigh, bhí a lán le déanamh fós sula mbeadh an tÁras réidh d’imeachtaí nó fiú do chruinnithe na stirúthóirí féin.
  • Nuair a bhí an tÁrais réidh le húsáid i mí Aibreáin na bliana 1977, bhí na stiúrthóirí fós ag scrúdú bealaí chun níos mó airgid a fháil le cinntiú go mbeadh todhchaí ag an Áras mar áit faoi leith don Ghaeilge sa chathair.
  • Nuair a bhí leas nua ar chlós an Árais socraithe idir an comhlucht agus an Bárdas, cuireadh tús le deisiú an triú agus an cheathrú urlár.  
  • Cé go raibh na deisiúcháin agus na feabhsúcháin faoi lán tseoil, is cosúil nach raibh mórán úsáid á baint as an Áras ( Ach amháin an naíscoil oscailte, oifigí ag an gCumann Lúthchleas Gaeil ann, bhí na Teaghlaigh Gaelacha á úsáid agus, ar ndóigh, Conradh na Gaeilge). 
  • Bhí tús maith curtha le deisiú an Árais, ach ba léir dóibh go mbeadh i bhfad níos mó airgid ag teastáil chun é a chur i gcrích.
  •  Ba mhór fós an t-ábhar imní do na stiúrhtóirí an mhoill a bhí ar chumainn éagsúla teacht le chéile chun úsáid iomlán a bhaint as Áras na nGael.

 

 

​An Comhlucht sna hOchtaidí

 Available at:<https://www.seanomainnin.com/p440115648/hC09FD62D> [Accessed 1 April 2021].

Cé gur léir go raibh athnuachtaint an chomhluchta fuinneamhach ó thaobh deisiún an Árais, bhí sé i bhfad níos crua ar na stiúrthóírí na seomraí úd a bhí réidh don phobal Gaelach a líonadh. Ag tús na bliana 1980, bhí seomraí tógtha ag na Teaghlaigh Gaelacha, ag an gcoiste dúiche den Chonradh, An craobh cathrach den Chonradh agus ag an gCumann Lúthchleas Gaeil san Áras. Lean na stiúrthóirí orthu ag cur caoi ar an Áras agus súil acu go dtiocfadh tuilleadh neart i ngluaiseacht na Gaeilge sula mbeadh an tÁras críochnaithe. 

 

Níorbh fhéidir brath ar an airgead ó Bhord na Gaeilge, nuair nach raibh sé tagtha fós faoi tús na bliana 1981, ach chuidigh deontas míle punt a fuarthas ó Chonradh na Gaeilge leis an deisiú. Ag tús na bliana 1981 tháinig tuilleadh dreamanna chuig na stiúrthóírí ag lorg seomraí. Tugadh seomraí do Ghaeleagras i mí Mhárta ach, cé go raibh ranganna Gaeilge eagraithe acu,  is cosúil nach raibh an tinreamh ró-mhaith ag na ranganna céadna.  Ba iad baill na craoibhe cathrach den Chonradh den chuid is mó a rinne iarracht an comhlucht a athbhunadh ach bhí an chraobh féin tite i laige ag tús na n-ochtaidí.  Bhí an naíscoil fós san Áras agus bhí na Teaghlaigh Gaelacha ann uair sa mhí, ach níor tháinig aon chumainn nua chuig an Áras an bhliain sin, agus ag deireadh na bliana 1981 bhí an comhlucht breis is dhá mhíle punt i bhfiacha. 

Níorbh fhada a mhair laige na craoibhe cathrach den Chonradh.  Sa bhliain 1982 bhíodar ar ais le pleananna nua chun an Ghaeilge a chur ós comhair phobal na cathrach agus chun airgead a dhéanamh. Beartaíodh ar sheomra a réiteach i gcomhair siopa cártaí agus gael-earraí sa bhliain céanna. Ón am a bunaíodh an comhlucht, bhí plean ann chun club a thógáil ar áitreabh an Árais agus bhí sé ar intinn ag craobh na Gaillimhe den Chonradh dul ar aghaidh leis an bplean.  Bhí dul chun cinn an chomhluchta sách mall ag tús na n-ochtóidí.  Ag tús na bliana 1985 bhí bun urlár an Árais ullamh le haghaidh céilithe agus imeachtaí eile. Bhí dhá sheomra ag Gaeleagras dhá oíche sa tseachtain agus bhí an coiste dúiche den Chonradh ag úsáid an Árais arís le haghaidh a chuid cruinnithe. ​I mí Meán Fómhair na bliana 1985, bhí Gaeleagras fós ag eagrú ranganna san Áras, bhí an naíscoil faoi lán tseoil, agus bhí Cumann na bhFiann á úsáid chuile sheachtain. Socraíodh go gcuirfeadh Áine de Búrca caoi ar an áiléar, agus go n-úsáidfeadh sí mar stiúideo é. Stop an naíscoil ag feidhmiú a thuilleadh tar éis mí na Samhna 1985.

Ag tús na bliana 1986 bhí an Conradh ag iarraidh a ainm a chur suas ós cionn doras an Árais agus i mí Meán Fómhair na bliana sin bhí an Taidhbhearc, an Cumann Lúthchleas Gaeil agus an Comhlucht Náisiúnta Drámaíochta san Áras.  Roimh dheireadh na bliana bhí an beár, nó an Club, oscailte ar áitreabh an Árais.  Chomh maith leis na ranganna Gaeilge a bhí ar siúl faoi stiúradh Gaeleagras, bhí ranganna sean-nós á n-eagrú.  Ag deireadh na bliana 1987 bhí triúr eile ceaptha agus ag obair faoi scéim fostaíochta an Roinn Saothair. 

​Ceannaíodh an tÁras mar cheannáras do ghluaiseacht na Gaeilge agus ceapadh ar a chéannacht go mbeadh sé ar fáil le haghaidh gach saghas oibre agus caitheamh aimsire.  Dá bhrí sin, tá an-éagsúlacht ag baint leis na cumainn agus leis na himeachtaí difriúla a bhí ann le himeacht an ochto bhliain.  Ó thaobh caithimh aimsire de, cuireadh céilithe, scoraíochtaí, drámaí agus clubanna óige ar bun san Áras.  Maidir le cúrsaí oideachais; bhí naíscoil, ranganna Gaeilge, damhsaíochta, amhránaíochta agus sean nós, agus léachtaí ar siúl ag amantaí éagsúla ann.  Rinneadh iarracht, freisin, chun gnáth phobal na cathrach a mhealladh isteach sa ghluaiseacht trí shiopa cártaí agus gaelearraí a chur san Áras agus ba mhór an iarracht a rinneadh nuair a tógadh beár ar áitreabh an Árais.



Achoimre

  • Cé go raibh an chomhluchta fuinneamhach ó thaobh deisiún an Árais, bhí sé i bhfad níos crua ar na stiúrthóírí na seomraí úd a bhí réidh don phobal Gaelach a líonadh. 
  • Ag tús na bliana 1980, bhí seomraí tógtha ag na Teaghlaigh Gaelacha, ag an gcoiste dúiche den Chonradh, an craobh cathrach den Chonradh agus ag an gCumann Lúthchleas Gaeil san Áras.
  • Lean na stiúrthóirí orthu ag cur caoi ar an Áras agus súil acu go dtiocfadh tuilleadh neart i ngluaiseacht na Gaeilge sula mbeadh an tÁras críochnaithe. 
  • Faoi tús 1981, chuidigh deontas míle punt a fuarthas ó Chonradh na Gaeilge leis an deisiú.
  • Ag tús na bliana 1981 tháinig tuilleadh dreamanna chuig na stiúrthóírí ag lorg seomraí.
  •  Tugadh seomraí san Áras do Ghaeleagras i mí Mhárta ach is cosúil nach raibh an tinreamh ró-mhaith ag na ranganna Gaeilge a bhí dhá n-eagrú acu. 
  •  Ba iad baill na craoibhe cathrach den Chonradh den chuid is mó a rinne iarracht an comhlucht a athbhunadh ach bhí an chraobh féin tite i laige ag tús na n-ochtaidí. 
  • Ag deireadh na bliana 1981, Bhí an naíscoil fós san Áras agus bhí na Teaghlaigh Gaelacha ann uair sa mhí, ach níor tháinig aon chumainn nua chuig an Áras.
  • Sa bhlian 1982, bhí na craoibhe cathrach den Chonradh ar ais le pleananna nua chun Gaeilge a chur ós comhair phobal na cathrach.
  • Beartaíodh...
  1. Sheomra a réiteach i gcomhair siopaí cártaí agus gael-earraí.
  2. Plean a chur le chéile chun club a thógáil ar áitreabh an Árais.
  • Ag tús na bliana 1985...
  1. Bhí bun urlár an Árais ullamh le haghaidh céilithe agus imeachtaí eile.
  2. Bhí dhá sheomra ag Gaeleagras dhá oíche sa tseachtain .
  3. Bhí an coiste dúiche den Chonradh ag úsáid an Árais arís le haghaidh a chuid cruinnithe.
  • I mí Meán Fomhair 1985...
  1. Bhí Gaeleagras fós ag eagrú ranganna san Áras.
  2. Bhí an naíscoil faoi lán tseoil.
  3. Bhí Cumann na bhFiann á úsáid chuile sheachtain.
  4. Socraíodh go gcuirfeadh Áine de Búrca caoi ar an áiléar, agus go n-úsáidfeadh sí mar stiúideo é.
  • Stop an naíscoil ag feidhmiú a thuilleadh tar éis mí na Samhna 1985.
  • Ag tús na bliana 1986 bhí an Conradh ag iarraidh a ainm a chur suas ós cionn doras an Árais agus i mí Meán Fómhair na bliana sin.
  • Bhí an Taidhbhearc, an Cumann Lúthchleas Gaeil agus an Comhlucht Náisiúnta Drámaíochta san Áras.
  • Roimh dheireadh na bliana 1986 
  1. Bhí an beár nó an Club, oscailte ar áitreabh an Árais.
  2. Bhí ranganna Gaeilge ar siúl faoi stiúradh Gaeleagras.
  3. Bhí ranganna sean-nós a n-eagrú.
  • Ag deireadh na bliana 1987 bhí triúr eile ceaptha agus ag obair faoi scéim fostaíochta an Roinn Saothair.
  •  Tá an-éagsúlacht ag baint leis na cumainn agus leis na himeachtaí difriúla a bhí ann le himeacht an ochto bhliain. 
  • Cuireadh céilithe, scoraíochtaí, drámaí, damhsaíochta, amhránaíochta, sean nós agus clubanna óige ar bun san Áras. 
  • Maidir le cúrsaí oideachais; bhí naíscoil, ranganna Gaeilge agus léachtaí ar siúl ag amantaí éagsúla ann. 
  • Rinneadh iarracht, freisin, chun gnáth phobal na cathrach a mhealladh isteach sa ghluaiseacht trí shiopa cártaí agus gaelearraí a chur san Áras agus ba mhór an iarracht a rinneadh nuair a tógadh beár ar áitreabh an Árais.